Tá an feachtas seo thart anois. Le linn mí Mheán Fómhair 2025, d'úsáid 1015 agaibh an uirlis seo chun teagmháil a dhéanamh le polaiteoirí chun cothrom na féinne a éileamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2026. Tá roinnt rudaí dearfacha bainte amach sa Cháinaisnéis:

  • Cuireadh €28.4 milliún sa bhreis ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2026, rud a léiríonn dea-thoradh na feachtasaíochta leanúnaí agus an difir gur féidir le hAire sinsearach a dhéanamh.

Leis sin ráite, tá easnaimh mhóra ann fós:

  • Ní leor an €2 mhilliún atá luaite d’Fhoras na Gaeilge chun na fadhbanna maoinithe ag eagraíochtaí Gaeilge fud fad na tíre atá maoinithe tríd an bhForas a réiteach;
  • Mura réitítear an struchtúr maoinithe thuaidh-theas, ní féidir an t-airgead seo a úsáid tríd Foras na Gaeilge fhéin, rud a fhágann go mbeidh Foras na Gaeilge i mbaol ciorruithe a dhéanamh ar eagraíochtaí teanga arís.

Tá obair mhór fós le déanamh. Coinnigh súil amach don chéad ghníomh eile...

Tá an feachtas seo thart anois.

Níor léiríodh uaillmhian ná níor tugadh tosaíocht cheart don Ghaeilge ná don Ghaeltacht riamh i gcaiteachas an stáit, thuaidh ná theas.

Níl ach 0.10% den státchiste ó dheas á chaitheamh ar scéimeanna Gaeilge agus Gaeltachta a bhaineann le Roinn na Gaeltachta (sé sin caiteachas ar Roinn na Gaeltachta, ar Údarás na Gaeltachta agus ar Fhoras na Gaeilge san áireamh). Tá bail níos measa fós ar chúrsaí ó thuaidh, agus an bunlíne maoinithe don Ghaeilge ag teacht go thart ar 0.024% den státchiste úd.

Tá Lá na Cáinaisnéise 2026 ag teannadh linn ó dheas, agus tá cothrom na féinne á lorg againn dár dteanga. Tá do chúnamh de dhíth le cur in a luí ar an rialtas go bhfuil maoiniú cothrom, cuí á lorg ag an bpobal don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Líon isteach do shonraí thíos agus seolfar ríomhphost ar do shon chuig: an tAire Airgeadais Paschal Donohue, an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers, an tAire Gaeltachta Dara Calleary agus an tAire Cultúir agus Cumarsáide Patrick O’Donovan. Rachaidh CC chuig do Theachtaí Dála áitiúla.